Bainisteoir an Ionaid Achmainne Teaghlaigh – Coiste Áiseanna na hÓige – Co Chiarraí

Sonraíocht an Duine
Sé atá i gceist le Sonraíocht an Duine ná cur síos ar na scileanna, ar an dtaithí, agus ar na cáilíochtaí ábharacha nár mhór a bheith ag duine do phost an Bhainisteora.
Go hidéalach, bheadh na cáilíochtaí seo leanas ag an iarrthóir:

Cáilíochtaí Tábhachtacha
Cáilíocht ábharach ar an tríú leibhéal – Leibhéal a 7 ar a laghad (mar shampla, Cleachtaisí i dTacaíochtaí do Theaghlaigh, Forbairt na bPobal, Bainistíocht Tionscnaimhí i nEarnáil na bPobal).
Ar a laghad dhá bhliain de thaithí ag obair i gceann acu so leanas:
bainistíocht tionscnaimhí i n‑earnáil na bpobal;
forbairt na bpobal;
tacaíochtaí a chur ar fáil do theaghlaigh istigh i n‑ionad lonnaithe sa phobal.
Leibhéal árd tionscnaíocht phearsanta chun fís a fhíorú istigh i dtimpeallacht árd‑rialaithe
Taithí ar bhainistíocht, ar mhaoir-seoireacht, agus ar thacaíocht fóirne.
Taithí ar chreatlach rialachais a chur i bhfeidhm bunaithe ar an dea‑chleachtas.
Taithí ar a bheith ag obair go comh‑oibríoch ar leibhéal idir ghníomhaireachtaí.
Cur amach maith ar Thús Áite do Leanaí: Treoirlínte Náisiúnta agus ar chosaint daoine fásta leochaileacha.
Taithí ar an bPleanáil Straitéiseach agus Oibríochtúil.
Taithí ar Bhainistíocht an Airgeadais (aimsiú foinsí airgid san áireamh).
Árd‑scileanna sa chumarsáid scríte agus ó bhéal, as Gaeilge agus as Béarla.
Árd‑scileanna sa riarthóireacht, sa bhféin‑bhainistiú, agus sa teicneolaíocht.
Teacht ar a c(h)óras féin iompair agus ceadúnas iomlán tiomána.

Cáilíochtaí Inmhianaithe
Taithí ar a bheith ag obair le Bórd Deonach Stiúrthóirí
Cur amach agus taithí ar “Mheitheal”, Múnla Náisiúnta an Chleachtais de chuid TUSLA.
Cur amach ar chomhthéacs teangan na Gaeltachta.
Taithí ar fhoirgneamh/áis a bhainistiú.
Próiseas Earcaíochta
Ní mór d’iarrataisí a chur tríd ríomhphost go bord@aiseannanahoige.ie ar an bhfoirm oifigiúil atá ann chuige. Tá an fhoirm iarratais ar fáil ó www.aiseannanahoige.ie. Ní glacfar le CVanna.

Ar 27 Meitheamh 2019 ar 4.00 i.n. a chlog an uair dheireannach a glacfar le iarrataisí.
Is fostóir comh dheiseanna é Áiseanna na hÓige.
Tá an post so á mhaoiniú ag TUSLA, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus um na Teaghlaigh.
Cuirfidh painéal agallaimh na hiarrthóirí fé agallamh. D’fhéadfaí gearrliosta a dhéanamh de na hiarrthóirí roimh na hagallaimh.
Cuirfear painéal d’iarrthóirí le chéile chun folúntaisí eile san ionad a líonadh. Coimeádfar sonraí na ndaoine ar an bpainéal so go ceann 12 mhí ó dháta na n‑agallamh.

A Thuilleadh Eolais:
Tá a tuilleadh eolais ar fáil via ríomhphost ag bord@aiseannanahoige.ie
nó ar an bhfón ag 086-3717633.

Related Job Ads: